Bhí tú linn i gcónaí. Bí páirteach den chéad turas eile
CÉARD É CAIRDE CÁRNA CAISEAL? Ciste fadtéarmach atá ann le sprioc cinnte a bhaint amach; áiseanna peile den chéad scoth agus páirc peile nua a thógáil le taobh an ceann atá againn anois i sráidbhaile Chárna. Déanfaidh fochoiste de chuid an chumainn bainistíocht ar an togra seo. Beidh siad i gceannas ar ócáidí thiomsaithe airgid agus leis an togra a thabhairt chun críche. An sprioc atá ag Ciste Cairde Cárna Caiseal ná ar a laghad 250 duine no clann a mhealladh chun focal a thabhairt go bhfuil siad toilteanach tacú leis an bhfeachtas ar feadh timpeall 5 bliana. Braitheann an fad ar an méid daoine a thugann a bhfocal tacaíochta ach ceaptar go mairfidh sé 5 bliana. Cuirfear ár n-iarratas ar chead pleanála isteach go luath i 2025. Cuirfear pleananna an togra faoi bhráid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag lorg maoinithe.
CÉ IAD CAIRDE CÁRNA CAISEAL Is cairde iad seo dar gcumann, idir imreoirí reatha agus iar-imreoirí, lucht leanúna dílse atá ag baile agus thar sáile, ó Iorras Aithneach, An Caiseal, Cloch na Rón agus iad siúd uilig a fheiceann Cárna Caiseal mar chuid lárnach dá n-oidhreacht. Is fúinne atá sé, ár mbaill, ár gclainne, ár ndiaspóra agus ár bpobal chun an toradh is fearr a thabhairt don chumann. Cinnteoidh do thacaíocht go mbeidh na háiseanna is gCárna ar chomhchéim leis na háiseanna is fearr fud fad na tíre agus muid ag ullmhú ár bhfoirne agus imreoirí do ghaiscí móra amach anseo. Teastaíonn do thacaíocht.
CÉN CHAOI A N-OIBREOIDH SÉ? Tá muid sa tóir ar a laghad 250 duine chun €250 a thabhairt don chiste in aghaidh na bliana ar feadh 5 bliana. Cuirfear tús leis seo i mí Mheán Fómhair 2024. Bunaithe ar na huimhreacha sin, bheadh €312,500 tagtha isteach sa gciste thar na tréimhse 5 bliana. Cuirfear d’ainm isteach i hata do Chrannchur Nollag chun seans a bheith agat na duaiseanna airgid tirim seo a leanas a bhuachan mar chomhartha buíochais: 1ú Duais €3000, 2ú Duais €1,500, 3ú Duais €500
Gearrfar ainmneacha na ndaoine/ na dteaghlach a thug airgead ar feadh na 5 bliana ar phlaic a bheidh greamaithe ar bhalla na n-áiseanna nua i gCárna. Is comhartha buíochais a bheidh ann. Fiafraíonn muid ar chuile dhuine atá bainteach leis an gcumann seo; imreoirí, iarbhaill agus baill reatha tacú leis an iarracht aonuaire seo ar mhaithe lenár gcumann agus lenár bpobal. Ba bhreá linn tuismitheoirí na n-imreoirí óga a spreagadh chun teacht ar bord linn de bharr gurb iadsan na daoine is mó a bhainfidh leas agus tairbhe as an bhforbairt seo. Is deis iontach í seo do chlainnte, do theaghlaigh agus do dhaoine tacaíocht a thabhairt don fhorbairt stairiúil seo nach bhfuil cónaí orthu sa gceantar níos mó
AN FHÍS
Páirc Nua: Tógáil na páirce nua le claí agus bealaí siúil. Seastán lucht tacaíochta: Tógáil an tseastáin tacaíochta. Bealaí siúlóide: Bealaí siúil le soilse. Halla spóirt le seomraí feistis, seomra aclaíochta poiblí & halla spóirt.
CÉN FÁTH É SEO A DHÉANAMH? Níl na haiseanna reatha atá i gCárna in ann an t-ualach foirne peile atá againn a sheasamh. Tá 7 bhfoireann ag peil na mBan ó rinneadh athbheochan orthu cúpla bliain ó shin, éacht iontach agus iad ag fás agus ag forbairt. Tá ár bhfoirne faoi aois ceangailte leis Na Piarsaigh, rud a chiallaíonn nach raibh an méid foirne riamh ag dul chun páirce is atá anois. Tá naoi bhfoireann déag ag úsáid na páirce i láthair na huaire. 6 fhoireann faoi aois do chailíní 10 bhfoireann faoi aois do bhuachaillí 3 fhoireann do dhaoine fásta. Tógadh an pháirc peile reatha sna 1920í. Tógadh na seomraí feistis agus rinneadh obair ar an bpáirc sna 1990í. B’iad sin an dá rud ba mhó a chuir borradh faoi chúrsaí peile sa bpobal. Tá cúrsaí draenála mar chnámh spairne againn le blianta. De bharr go bhfuil an pháirc níos ísle ná an bóthar agus go bhfuil sí tógtha ar phortach, is minic a bhíonn fadhb againn le huisce a bheith uirthi. Ciallaíonn sé seo go mbíonn sí dúnta idir Deireadh Fómhair agus Aibreán agus cuirtear cluichí ar ceall de bharr titim trom báistí idir Bealtaine agus Meán Fómhair. Tá na seomraí feistis róbheag anois agus níl siad in ann freastal ar ár bhfoirne, go háirithe nuair atá dhá cluiche ar bun ar an lá céanna. Tá trealamh an giom stóráilte i seideanna sealadacha le taobh na seomraí feistis
Fógraíodh anuraidh go mbeidh Comórtas Peile Na Gaeltachta ag teacht go Cárna don chéad uair riamh i 2028. Fáilteoidh muid roimh 30 foireann agus na mílte lucht leanúna do dheireadh seachtaine lán go béal le craic, peil agus cultúr ársa na háite. Is onóir mhór dúinn é an comórtas a reáchtáil agus tá díocas orainn scoth an chomórtais a bheith againn le linn an deireadh seachtaine. Feicfear sluaite i gCárna le linn an deireadh seachtaine i mí Meithimh 2028 nach bhfaca an pobal riamh roimhe seo. Imreofar 30 cluiche peile agus le neart imeachtaí sóisialta ina measc. Beidh an comórtas náisiúnta mar ‘Filleadh ar an bhfód dúchais’ freisin mar go bhfuil an cumann ag obair le grúpaí chun diaspóra na háite a fháiltiú abhaile don ócáid chun súp a bhaint as an bhféasta peile, teanga agus cultúir. NA FORBAIRTÍ Is deis iontach í theacht an Chomórtais Náisiúnta go Cárna chun forbairt a dhéanamh ar áiseanna an chumainn ar mhaithe le baill an chumainn agus muintir an phobail. Tá pleananna leagtha amach againn chun páirc nua agus seastán (CÉIM1) agus ionad spóirt faoi dhíon (CÉIM 2) a thógáil ar thailte an chumainn i gCárna. Tá dhá acra déag faighte ag an gcumann le hais na páirce atá ann faoi láthair. Tá innealtóirí i mbun a gcuid oibre anois. Táthar ag súil go gcuirfear iarratas pleanála isteach don chéad pháirt go luath i 2025. Déanfar iarratas ar dheontas a chur chuig Roinn na Gaeltachta do €2m nó 80% den chostas i 2025. Cuirfidh CLG Cárna Caiseal €500,000 suas chun an fuílleach a chlúdú do CÉIM1. D’éirigh linn €115K a bhailiú i 2023 ó thacaíocht an phobail. Beidh €385K eile le bailiú againn roimh 2028. Tá muid thar a bheith buíoch do chuile dhuine a thacaigh linn go dtí seo sa bhfeachtas pobail. Fáiltíonn muid thú anois chun a bheith páirteach sa gcéad chaibidil eile de scéal agus todhchaí an chumainn. Déan infheistíocht sa gcumann agus sa todhchaí.
• Tá an talamh againn • Tá coiste tiomanta agus díograiseach againn • Tá tacaíocht láidir an phobail againn • Tá orainn an t-airgead a bhailiú
MAOINIÚ AN TIONSCADAIL
CÉIM 1 Beidh costas de €2.5m ar chéim 1 a chinnteoidh go mbeidh an pháirc nua réitithe do chomórtas peile na Gaeltachta i 2028. Ceannach na talún agus táillí, comhairliúchán poiblí, léaráidí ailtireachta a dhearadh. Innealtóirí a cheapadh, iarratas pleanála a leagan isteach. An pháirc nua le claí, bealaí siúlóide agus seastán do lucht leanúna a thógáil.
Costais Céim 1 Ceannach na talún agus táillí €71,000 Tógáil na Páirce. (bealach rochtana, áiseanna taobh páirce & seastán san áireamh) €2,220,000 Sainchomhairleoireacht innealtóireachta €210,000 €2,501,000 Foinse Maoinithe Roinn na Gaeltachta €2,001,000 Bailiú airgid go dtí seo €115,000 Maoiniú a theastaíonn suas go 2028€385,000 €2,501,000
PLEAN MAOINITHE
CÉIM 1: AN TÓGÁIL
Tá gá le plean uaillmhianach chun go mbeidh muid in ann €380,000 a bhailiú roimh 2028. Tógfaidh sé seo obair chrua agus díograis ó Choiste Áiseanna Spóirt Cárna Caiseal, ón bpobal agus ó Chairde Cárna Caiseal
Airgead bailithe 1 Iúil 2024 €115,000 Euromillions, Bailiú Miotail, Turas Rothaíochta chuig na Rosann, Comharthaí ag Páirc Chárna Turas go Londain, Leabhar staire Chárna Caiseal
Bailiú airgid Cairde Cárna Caiseal€287,500 Feachtais bailiúcháin eile 2025-2028 €97,500 Beidh an méid a bhaileofar ó Chairde Cárna Caiseal ina chéatadán ard den chiste áitiúil a bheas ag teastáil chun an plean a mhaoiniú. Beidh sé sin mar chuid den iarratas pleanála a chuirfear faoi bhráid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun maoiniú a fháil. Tá costas meastacháin de €2.5m luaite le CÉIM 1.
CÉIM 2 2028-2030
Ag tógáil na háise faoi dhíon le seomraí feistis nua, seomraí cruinnithe agus seomra aclaíochta poiblí. Tógfar iad seo tar éis Chomórtas Peile na Gaeltachta i 2028.
RANNÓG ÍOCAÍOCHTA
Cén bealach gur féidir leat cuidiú le Cairde Cárna Caiseal? Roghanna íocaíochta €250.00 Íocaíocht bliana Íoc anseo €21.66 Íocaíocht mhíosúil Íoc anseo €5.00 Íocaíocht sheachtainúil Íoc anseo Íocaíocht aonuaire Íoc anseo
Tá naisc clubzap thuas ach is féidir leat na bealaí eile íocaíochta a úsáid más mian leat ach muid a chur ar an eolas agus socrófar é. Seol ríomhphost chuig
CEISTEANNA COITIANTA FAOIN SCÉIM BAILITHE AIRGID 1. Cén bealach a dhéanfar na forbairtí seo a mhaoiniú ? Tá sé i gceist againn meascán de ghníomhaíochtaí tiomsaithe airgid sa gclub, deontais spóirt, iasachtaí agus deontóirí a úsáid chun na forbairtí seo a mhaoiniú. Is é Cairde Cárna Caiseal ceann de na rudaí is tábhachtaí den tiomsú airgid sa gclub. Má tá muid chun ár bhfís a bhaint amach, teastaíonn tiomsú airgid shuntaisigh sna 5 bliana amach romhainn 2.Cé mhéad a chaithfidh baill a thabhairt don chiste? Is iad baill an chlub a bheas ina bpríomhdheontóirí sna forbairtí seo, agus plean againn chun airgead a bhailiú go míosúil nó go bliantúil thar 5 bliana. Tá an club ag iarraidh síntiús €250 in aghaidh na bliana a fháil agus is féidir €21.66 a íoc in aghaidh na míosa nó €250 a íoc ina iomlán in aghaidh na bliana. 3. Cén fáth gur tréimhse 5 bliana atá ann? Tá an club ag iarraidh 250 duine a fháil agus chruinneodh sé sin €62,500 sa mbliain. Is í sprioc na scéime ná 250 baill a fháil chun a bhfocal a thabhairt go dtacóidh siad leis an gciste seo chuile bhliain ar feadh tuairim is 5 bliana 4. Céard faoi na daoine thar sáile? Fáiltíonn Cairde Cárna Caiseal roimh shíntiús ar bith ó dhaoine atá ina gcónaí thar sáile agus is féidir leo ClubZap a úsáid. 5. Céard faoi chomhlachtaí? Fáiltíonn Cairde Cárna Caiseal roimh shíntiús ar bith ó chomhlachtaí freisin. Is féidir le comhlachtaí síntiúis a chur in aghaidh cánach ina gcuid tuairisceáin chánach aonair 6. Cén bealach gur féidir liom síntiús a thabhairt? Is féidir íocaíochtaí míosúla a dhéanamh trí ClubZap nó trí bhuanordú. Is féidir íocaíochtaí bliantúla a dhéanamh trí ClubZap, le seic nó trí aistriú bainc. Má tá tú ag iarraidh íocaíocht a dhéanamh le seic, buanordú nó aistriú bainc, déan teagmháil le cairde@carnacaiseal.ie agus tabharfar na sonraí bainc duit 7. An féidir liom níos mó ná €250 a thabhairt? Is féidir. Le haghaidh íocaíochtaí le seic ní gá ach cibé méid a íoc. Le haghaidh íocaíochtaí níos airde ar ClubZap, déan teagmháil le cairde@carnacaiseal.ie & socrófar é 8. An féidir liom deireadh a chur leis an síntiús le linn na 5 bliana? Is féidir. Beidh tú in ann an síntiús a chealú tráth ar bith. 9. Cén áit a chuirfear an t-airgead? Cuirfear an t-airgead isteach i gcuntas atá imfhálaithe d’fhorbairt na páirce agus na n-áiseanna seo amháin. Ciallaíonn sé seo nach n-úsáidfear an tairgead sin le haghaidh costais ó lá go lá. Cuirfear an t-eolas is deireanaí faoin airgead ar fáil chuile bhliain ag an gcruinniú cinn bhliana agus i gcuntais Bhliantúla an Chlub.